"Ar Aghaidh Linn Le Chéile"
R2 Chlodagh  

Seachtain Eolaíochta: 13-17 Samhain 2017

Rinneamar go leor turgnaimh eolaíochta sa seomra ranga an tseachtain seo. Rinneamar imscrúdú ar cén chaoi go bhféadfaimis ciúbanna leac oighir a choinneáil reoite ag baint úsáide as rudaí ar nós páipéar nuachtáin, scragall stáin, scannán cumhdaithe, páipéar agus rolla cistine chun iad a chlúdach.  D'fhoghlaim muid go raibh an scragall stáin ar an inslitheoir is fearr mar choinnigh sé an leac oighir reoite don tamall is faide!

Tháinig Sharon isteach chugainn agus rinne sí imscrúdú eolaíochta linn chomh maith. Chuireamar pinn luaidhe tríd mhálaí cheapairí agus bhí ionadh an domhain orainn nuair nár dhóirt an t-uisce amach! Bhaineamar an-sult as!

1511122928.jpg

 

1511122923.jpg

 

1511122885.jpg

 

1511122993.jpg

 

1511122930.jpg

 

1511122991.jpg

 

Ealaín -  Ollphéisteanna

Chruthaíomar ollphéisteanna ag baint úsáide as cré. Nach bhfuil cuma thar a bheith scanrúil orthu?
Táimid ag tnúth go mór leo a phéinteáil!

1511122879.jpg

 

1511122755.jpg

 

1511122753.jpg

 

1511122751.jpg

 

1511122877.jpg

 

Aonach na Leabhar 13/11/17

Ghlac muid páirt san MS Readathon agus d'éirigh linn an-chuid leabhair éagsúla a léamh. Tháinig Aonach na Leabhar chun na scoile an tseachtain seo agus bhaineamar taitneamh as a bheith ag siúl thart ag breathnú ar na leabhair.

 

1511122690.jpg

 

 

1511122686.jpg

 

Féile na Samhna! 

1511122997.jpg

1511122995.jpg

1511122999.jpg