"Ar Aghaidh Linn Le Chéile"
An Turnapa Mór  

1528902268.jpg

Lá amháin bhí feirmeoir ann. D'fhás sé turnapa sa ghairdín. Nuair a bhí sé réidh le bhaint THARRAING SÉ, AGUS THARRAING SÉ AGUS THARRAING SÉ. Ní raibh sé in ann an turnapa mór a bhaint.

1528902270.jpg

Tháinig bean an fheirmeora chun cabhrú leis. THARRAING SIAD, AGUS THARRAING SIAD, AGUS THARRAING SIAD. Ní raibh siad in ann an turnapa mór a bhaint.

1528902272.jpg

Tháiníg an cailín beag chun cabhrú leo. THARRAING SIAD, AGUS THARRAING SIAD, AGUS THARRAING SIAD. Ní raibh siad in ann an turnapa mór a bhaint.

1528902275.jpg

Tháinig an buachaill beag chun cabhrú leo. THARRAING SIAD, AGUS THARRAING SIAD, AGUS THARRAING SIAD. Ní raibh siad in ann an turnapa mór a bhaint.

1528902277.jpg

Tháinig an madra chun cabhrú leo. THARRAING SIAD, AGUS THARRAING SIAD, AGUS THARRAING SIAD. Ní raibh siad in ann an turnapa mór a bhaint.

1528902398.jpg

Tháinig an cat chun cabhrú leo. THARRAING SIAD, AGUS THARRAING SIAD, AGUS THARRAING SIAD.

1528902401.jpg

POP!

1528902403.jpg

Amach as an talamh a tháinig an turnapa mór.

Seo iad na turnapaí a d'fhásamar ar scoil sa ghairdín scoile.