"Ar Aghaidh Linn Le Chéile"
Ag Ceili√ļradh L√° le P√°draig  

Tá Mí na Gaeilge faoi lán tseoil in GSBB agus bhí na gasúir gléasta i nglas inniu agus muid ag ceiliúradh Lá le Pádraig, ár gcultúr agus ár dteanga.  Bhí gníomhaíochtaí Gaelacha le feiceáil sa scoil inniu agus an ghrian ag scaladh orainn.

Bhí Biongó ag na ranganna sóisearacha ar Zoom an Aoine seo caite agus beidh Tráth na gCeist ar siúl do na ranganna sinsearacha an Aoine seo. 

Tá na ranganna go léir ag foghlaim damhsaí - An Hócaí Pócaí, An Dreoilín agus Damhsa Jerusalema agus beidh taispeántais (scaradh sóisialta) againn ar chlós na scoile an Déardaoin seo chugainn.

Táimid ag foghlaim seanfhocail, rabhlóga agus nathanna nua.

Táimid thar a bheith sásta bheith ar ais ar scoil.

Guímid Beannachtaí na Féile Phádraig oraibh go léir, fanaigí ar fad slán sábháilte.


Brú anseo do ghriangraif de na gasúir gléasta i nglas inniu.


005.JPG

035.JPG

053.JPG

094.JPG

114.JPG

124.JPG

127.JPG