"Ar Aghaidh Linn Le Chéile"
Páirc an Chrócaigh 03-11-15  

Táimid thar a bheith bródúil as foireann peile na mbuachaillí faoi bhainistíocht Phádraig is Chian a d'imir sa gcluiche ceannais de Chumann na mBunscol i gcoinne Gaelscoil Thaobh na Coille i bPáirc an Chrócaigh inniu.  Cé gur chaill siad le 5 phointe, throid leaids GBB go fíochmhar.  Bhí a lán cluichí dúshlánacha acu i mbliana i gcoinne Malachy's, Scoil Fhursa agus Brendan's agus d'éirigh leo barr na sraithe a bhaint amach.  Bhí an bua acu ar Huntstown sa gcluiche ceathrú ceannais agus ar St. Olaf's sa gcluiche leathcheannais.  Is léir go bhfuil foireann na scoile ag traenáil go dian agus ag neartú lá ndiaidh lae.  Guímid chuile rath orthu amach anseo agus gan dabht beidh lá eile ag an bPaorach.  Tá pictiúir anseo den fhoireann iontach seo ag imeacht ón scoil, don lucht tacaíochta is fearr sa tír agus don chluiche ar an lá. Míle buíochas do Noel a ghlac pictiúir den chluiche inniu.

IMG_2449.JPG

We are so proud of GBB's football team under the management of Pádraig and Cian who played in the Cumann na mBunscol final today in Croke Park against Gaelscoil Thaobh na Coille.  Even though our boys lost by a margin of 5 points, they fought hard and displayed some excellent football.  They played some tough, challenging games this year against Malachy's, Scoil Fhursa and Brendan's, but were victorious topping the league.  They won against Huntstown in the quarter finals and St. Olaf's in Ballymun in the semi finals.  Without doubt this young team are training hard and are strengthening every day.  Watch this space as they'll be back fighting and winning soon.  Pictures here of our superb boys leaving the school earlier today, along with the best supporters in the country.  Plenty of action shots here too, thanks to Noel for his excellent photography skills on the day.